Na chéad tograí de chuid an Chomharchumainn

Ag an tús, bhreathnaigh an Comharchumann ar thalamh, ar phortaigh agus ar an bhfarraige mar acmhainn don fhorbairt.  Bhí Coláiste Lurgan agus Coláistí Gaeilge eile a chuirfí ar bun ó na Forbacha go Ros a Mhíl le bheith faoi scáth an Chomharchumainn.  Ba ó na cruinnithe i ngach uile cheantar séipéil a piocadh na daoine a bhí ar an gCoiste Bunaithe.

Tomás Ó Scanláin as Baile na hAbhann agus é i bhfeighil mheaisín na móna atá ag comharchumann Chois Fharraige. Faoí láthair tá an-dul chun cinn á dhéanamh le draenáil an phortaigh agus tá sé á thriomú go sciobtha


Tomás Ó Scanláin as Baile na hAbhann agus Seán Ó Conghaile as Púirín anseo ag réiteach ualaigh leasaithe talún. Bhí Comharchumann Chois Fharraige ag cur leasaithe talún agus síolta ar fáil do mhuintir an cheantair.

Cuid eile do sheirbhísí seachtracha an Chomharchumainn agus an JCB ag réiteach láithreáin ar a dtógfar teach cónaí. Bhí an JCB agus tiománaí le fáil ar chíos de réir na huaire ag Comharchumann Chois Fharraige


Foireann Cló Chois Fharraige