Mol Phobail Chois Fharraige

Tá Mol Pobail Chois Fharraige curtha in oiriúint ag Comharchumann Shailearna chun feidhmiú mar Ionad Tacaíochta Pobail le linn cásanna éigeandála.

Is áis í ar féidir í a chur i ngníomh chun tacaíocht bhunúsach a chur ar fáil do dhaoine sa phobal a mbíonn tionchar ag drochaimsir nó ag teagmhais éigeandála eile orthu.

Is é cuspóir an Mhoil áit shábháilte, the agus fháilteach a chur ar fáil don phobal, mar aon le tacaíocht phraiticiúil agus faisnéis do dhaoine a mbíonn tionchar ag teagmhas éigeandála orthu.

Tá ról an Mhoil ag teacht leis an gcur chuige atá leagtha amach i nós imeachta Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le hIonaid Tacaíochta Pobail a chur i ngníomh le linn éigeandálaí.

Beidh MPCF mar thacaíocht do phobal Chois Fharraige i gcásanna éigeandála nuair a bheidh deireadh leis an rabhadh Stádais Dheirg ó Met Éireann agus má tá briseadh leanúnach ar sheirbhísí riachtanacha, amhail soláthar leictreachais nó seirbhísí cumarsáide, ar feadh 72 uair an chloig nó níos mó.  Beidh rannpháirtíocht mhuintir na háite agus tacaíocht oibrithe deonacha ríthábhachtach chun an Mol a chur i ngníomh.

Cáipéisí ábhartha