Céad Míle Fáilte
Chuig suíomh idirlinn Comharchumann Shailearna Teo! Forbairt agus oiliúint an duine, an teaghlaigh agus an phobail trí ghníomhaíochtaí a fhásann as teanga agus as dúchas na Gaeltachta.
Cruinniú Ginearálta Bliantúil
Tionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil scairshealbhóirí Chomharchumann Shailearna Teo. i Seanscoil Shailearna,
ar an Máirt 3 Samhain, 2026 ag 8.00i.n.
Tá folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha i gceantar feidhme an Chomharchumainn, agus beidh páipéir ainmniúcháin do thoghchán an Bhoird Stiúrtha, chomh maith le Foirm Rúin le fáil in oifig an Chomharchumainn, nó is féidir glaoch a chur ar an oifig 091 399199 agus seolfar an páipéar ainmniúchán/rúin amach i bhfoirm ríomhphoist.
Ní mór páipéir ainmniúcháin agus rúin le haghaidh an Chruinnithe Ginearálta Bhliantúil a bheith faighte in oifig an Chomharchumainn, na hAille, Indreabhán roimh 5.00i.n. ar an Máirt 27 Deireadh Fómhair, 2026.
Is do scairshealbhóirí an Chomharchumainn a bhfuil a gcuid scaireanna íoctha suas chun dáta acu amháin an cruinniú seo. Caithfidh moltóirí agus cuiditheoirí do gach rún a bheith ina scairshealbhóirí agus a gcuid scaireanna a bheith íoctha suas chun dáta acusan chomh maith. Is é an cás céanna é d’iarrthóirí don Bhord Stiúrtha, ag a moltóirí agus ag a gcuiditheoirí.
Beidh deis cóip de na cuntais iniúchta don bhliain dar gcríoch 31 Nollaig, 2025 a scrúdú ach teagmháil a dhéanamh roimhré le sailearna@gmail.com
Na hAille, Indreabhán,
Co. na Gaillimhe H91 P23Y
Tel: (091) 399199
Ríomphoist:oifig@cst.ie