Comharchumann Chois Fharraige
1971-1983
I 1971, bhreathnaigh an Comharchumann ar thalamh, ar phortaigh agus ar an bhfarraige mar acmhainn don fhorbairt. Bhí Coláiste Lurgan agus Coláistí Gaeilge eile a chuirfí ar bun ó na Forbacha go Ros a Mhíl le bheith faoi scáth an Chomharchumainn.
Ba ó na cruinnithe i ngach uile cheantar séipéil a piocadh na daoine a bhí ar an gCoiste Bunaithe.
Ros a Mhíl: Tadhg Ó Sé, Máire Ní Chonfhaola, Micheál Mac Con Iomaire, an tAth. Ó Ceallaigh
An Tulaigh: Darach Mac An Ultaigh, an tAth. Ó Cuanaigh, Bairbre Ní Churraoin
Na Mine: Micheál Ó Tuathail, Bríd Bn. Uí Dhonnchadha
An Cnoc: Pól Ó Foighil, Seán Touhy, Padraic Mac an Ríogh, Pádraic Ó Concheanainn, an tAth. Mac Aodha, Peadar Mac an Iomaire
An Spidéal: Máirtín Ó Conghaile, Caitlín Uí Chonghaile, Seán Ó Foighil, Beartla Ó Conaire, an tAth. Mac Eoinín, Pádraic Ó Neachtain
Na Forbacha: Antaine Ó Loideáin
Bearna: Gearóid Mac Eoin, an tAth. Mac Eatún
Oifigigh an Choiste Bunaithe
Cathaoirleach: Peadar Mac an Iomaire
Leas Chathaoirleach: Seán Touhy
Rúnaí/Cisteoir: Pól Ó Foighil
Tugadh cruinniú de na scairshealbhóirí le chéile i gColáiste Lurgan, áit ar bunaíodh an Comharchumann go hoifigiúil. Socraíodh go gclárófaí é leis an ICOS. Toghadh Coiste Bainistíochta de dhá dhuine dhéag as na scairshealbhóirí cláraithe.
Rinneadh iarratas ar dheontas bainistíochta £2500 ó Roinn na Gaeltachta agus nuair a bhí cinnteacht go mbeadh an deontas sin ar fáil fógraíodh an post mar bhainisteoir an Chomharchumainn. Ba é Pól Ó Foighil a ceapadh sa bpost mar thoradh ar chomórtas poiblí.
Sa bplean oibre a chuir an comharchumann le chéile socraíodh go dtabharfaí faoi:
• Coláistí Gaeilge a bhunú
• Clólann a fhorbairt
• Cuidiú le grúpscéim usice an Chumann Forbartha
• Tithe gloine
• Glasraí
• Siopa adhmadóireachta
• Portaigh
• Club na nÓg
Nuair a ceapadh Pól Ó Foighil ina bhainisteoir b’éigin dó éirí as a bheith ina Rúnaí/Cisteoir agus ina bhall de Choiste an Chomharchumainn. Ba é Máirtin Ó Conghaile as an Sián a thóg a áit mar Rúnaí/Cisteoir.
Téacs Leabhair i nGaeilge: Ar 3 Eanáir 1972 bhí cruinniú leis an Roinn Oideachais le cur chuige a aimsiú le téacsleabhair i nGaeilge a fhoilsiú. Thug an Roinn eolas ag an gcruinniú sin go raibh gá le ceithre fhoilseachán déag a chur ar fáil. Tar éis an chruinnithe sin rinneadh idirbheartaíocht le dhá institiúid airgeadais le iasacht a chur ar fáil le cuidiú leis an gComharchumann an chlólann a bhunú. Cuireadh oibrithe ar chúrsaí traenála le IBM agus Gestetner. Is iomaí duine as an áit a fuair fostaíocht sa gclólann faoi Chomharchumann Chois Fharraige agus ina dhiaidh. D’éirigh leis na scíleanna a foghlaimíodh ann maireachtáil go dtí an lá atá inniu ann. Is faoi stiúir dhuine de na hoibrithe a d’fhás suas le forbairt na clólainne féin, Mícheál Mhaidhc Ó Conghaile atá an chlólann anois agus é ag déanamh go maith ann.
Teach Foilsitheoireachta: Tugadh freisin faoi theach foilsitheoireachta a bhunú agus tugadh oiliúint sa gceird sin do roinnt daoine. Fuair na daoine sin deis a gcuid sainscileanna a chur ar fáil ina dhiaidh sin d’institiúidí áitiúla agus náisiunta a chuidigh le neartú na Gaeilge agus le forbairt an cheantair. Ba dhúshlánach an gníomh teach foilsitheoireachta a bhunú i gCois Fharraige sna seachtóidí ar mhaithe le téacsleabhair scoile i nGaeilge a sholáthar do scoileanna Gaeltachta agus do Ghaelscoileanna.
Ní mba leor na rátaí aistriúcháin, eagarthóireachta ná foilsitheoireachta a bhí ar fáil ón nGúm le íoc as foireann oilte aistritheoirí de sheisear nó níos mó. Ina theannta sin bhí tuilleadh costais ag baint leis an stoc leabhar a bhí clóbhuailte agus réidh don mhargadh a iompar. Comh maith leis sin bhí costais ag baint le díol agus seachadadh na leabhar.
Ba nuair a thuig Cumann Forbartha Chois Fharraige gur beag seans go ndéanfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe scéim réigiúnach uisce i gConamara Theas go ceann i bhfad a bunaíodh Coiste Uisce an Chnoic a síníodh go Coiste Uisce an Chnoic/Mine níos dearnaí.
Ba iad seo baill an Choiste Uisce:
Cathaoirleach: An tAth. Mac Aodha
Rúnaí: Pól Ó Foighil
Cisteoir: Seán Touhy
Paddy Staf Ó Donnchadha, Ruairí Ó Tuairisg, Peadar Mac an Iomaire, Colm Ó Finneadha, Séamas E Ó Fátharta, Mícheál Ó Tuathail, Tomás Ó Ráighne, Tadhy Ó Curraoin agus Ned Ó Finneadha.
Buíochas le Seathrún Ó Tuairisc as ucht an Taifead seo a ullmhú
Chuir an coiste uisce roimhe soláthar uisce a chur ar fáil do 350 teach cónaithe chomh maith le roinnt monarchana agus ionaid ghnó sa gceantar. Ba é Comharchumann Chois Fharraige an conraitheoir a rinne an scéim idir 1972 agus 1977 ó Bhoth Chuana go dtí Na Creagáin agus suas agus síos na mbóithríní bailte ar feadh an bhealaigh.
Bhunaigh an Comharchumann an Gaelacadamh a chuir roimhe uirlisí ceoil, amhránaíocht ar an sean nós, damhsaí gaelacha agus damhsa ar an sean nós a mhúineadh do ghasúir na Gaeltachta a chuidigh go mór le caomhnú agus leathnú na nEalaíon dúchasacha i measc óige na Gaeltachta.
Ba í an eagraíocht Muintir na Gaeltachta faoi stiúir Pheadair Uí Cheallaigh a bhí ag foilsiú an nuachtán seachtainiúil Amárach ó lár na gcaogaidí. Tugadh Amárach ar láimh don Chomharchumann go gairid tar éis don Chomharchumann a bheith bunaithe agus leanadh á fhoilsiú i gCois Fharraige go dtí 1976.
Cuireadh trí chruinniú poiblí ar bun faoi shaol sóisialta na háite le meoin mhuintir na háite a fháil agus riachtanais an phobail a phlé. Bhí cruinniú leis na Clubanna Óige sa nGaeltacht le comhchoiste a bhunú agus go mbeadh an comhchoiste sin ag feidhmiú mar struchtúir sa gceantar le saol sóisialta na háite a chur chun cinn. Eagraíodh cruinniú poiblí eile le ceist linn snámha téite a phlé.
Ba é Comharchumann Chois Fharraige a dhírigh aird i dtosach ar thionscail déanta an phoitín a dhéanamh dleathach. Tá sin déanta anois ag Pádraic Ó Griallais, fiontraí óg áitiúil a raibh a shinsear ina saineolaithe ar an stiléireacht.
Ba é an Comharchumann freisin a spreag Gaeltarra le tamhnach Chlochar a Lára a cheannacht le haghaidh móna.
Ceannaíodh siopa Phádraic Mhic an Ríogh san áit a bhfuil Siopa an Phobail ag na Seoighe anois.
Forbraíodh ionad soláthair stáiseanóireachta, trealaimh agus troscán oifige.
Ba ag deireadh mhí na Nollag 1983 a d’éirigh Comharchumann Chois Fharraige as trádáil agus taobh istigh de chúpla mí bhí Comharchumann nua bunaithe le háit Chomharchumann Chois Fharraige a thógáil. Tá an Comharchumann sin, Comharchumann Shailearna nó CST ag seirbhísiú an cheantair riamh ó shin. Má d’fhoghlaim CST tada ó Chomharchumann Chois Fharraige ba é sin, nach raibh aon ghanntanas smaointe ná samhlaíochta san áit ach ba é an áit ar cailleadh an cluiche, nach raibh an Stát báúil an infheistíocht riachtanach a dhéanamh le go n-éireodh leis na tionscadail ar tugadh fúthu agus ar tuigeadh do gach uile dhuine a bheith tairbheach don cheantar don Ghaeltacht agus don tír.
Bhuail Uachtarán na hÉireann, Micheal D. Higgins an tairne ar an mullach faoin gcleachtas seo nuair a dúirt sé le linn dian-ghlasáil Chovid 19: “Tá samhlaíocht agus smaointeoireacht chruthaíocht an phobail riachtanach don tír le teacht as an ngéarchéim ina bhfuil muid ach ní cóir don stát a bheith ag súil gurab iad na daoine atá ag teacht chun cinn leo a bheadh ag íoc as a bhfeidhmiú. Sin é cúram an stáit féin”
Ní Neart go Cur le Chéile