Scéal Eile

Fúinn

D’oscail Comharchumann Shailearna Teo. siopa carthanais Scéal Eile i Meán Fómhair 2022, tar éis athchóiriú iomlán a dhéanamh ar sheansiopa Thí Seachnasaigh. Cheannaigh an Comharchumann an mhaoin in 2020 agus d’aithin sé deis seirbhís nua a fhorbairt don phobal.

Tá éadaí agus bróga d’fhir, do mhná agus do pháistí, chomh maith le hearraí tí agus troscán, ar fáil ar phraghsanna an-réasúnta. Is earraí dara láimhe iad seo a bhronnann an pobal ar an siopa.

Cuireann Scéal Eile athúsáid agus inbhuanaitheacht chun cinn, cuidíonn sé le teaghlaigh costais a laghdú agus cothaíonn sé spiorad pobail. Déantar aon bhrabús a athinfheistiú i bhforbairtí agus i seirbhísí don phobal.

Tá Scéal Eile go mór faoi chomaoin ag an bpobal ar fad — idir dheontóirí, chustaiméirí agus oibrithe deonacha a thugann a gcuid ama agus a roinneann a gcuid scileanna go fial leis an siopa.

Tá triúr fostaithe go páirtaimseartha agus naonúr ag feidhmiú mar oibríthe deonacha.

Tá an siopa suite ar an R336, thart ar 15 chiliméadar ó chathair na Gaillimhe, agus fáiltítear roimh chách.

Déan teagmháil

Glaoigh orainn ar 091 399199

Seol ríomhphost chuig scealeilecst@gmail.com

Nó buail isteach chugainn

Éirchód: H91 EFN3

Foirm Iarratas Oibrí Deonach

Bímid i gcónaí ag lorg earraí, éadaí agus nithe eile ar féidir linn a athdhíol inár siopa.

Seo léargas ar na rudaí is féidir linn glacadh leo agus ar na rudaí nach féidir linn glacadh leo.

Amanna Oscailte 
10.00rn - 5.00in

Éadaí & Bróga

Soithigh

Earraí Tí / Cistin & Eile

Bréagáin / Leabhair

Troscán

Earraí Leictreonach

Éadaí Leapan