Comharchumann Shailearna Teoranta

1984 - 2026

Forbairt agus oiliúint an duine, an teaghlaigh agus an phobail trí ghníomhaíochtaí a fhásann as teanga agus as dúchas na Gaeltachta. 

Siar sna hochtóidí bhí ar an gComharchumann díriú isteach ar bhun riachtanais an phobail. B’iad sin; foinsí uisce agus teasa a bheith ar fáil do chuile theaghlach sa gceantar.

Forbraíodh scéimeanna uisce agus tugadh ceangail uisce do thithe ón Spidéal go Ros a Mhíl. Forbraíodh straidhpanna agus plotanna móna i gClochar a Lára agus ar an Tulaigh Fhada agus tá na portaigh sin fós á gcur ar fáil. I 1997 cuireadh tús le atógáil na seanscoile agus atá anois ag feidhmiú mar Amharclann.

Is de thoradh ar fhad bhreathnaíodh an phobail, na Roinne agus an Údaráis chomh maith leis an gceannródaíocht a léirigh grúpaí ar nós Aisteoirí Chois Fharraige, b’fhacthas go raibh géarghá le amharclann a bheith ar fáil sa bpobal le tacaíocht a thabhairt do lucht ealaíona, drámaíochta chomh maith leis an bpobal ina iomláine.

Is scáthán ar oidhreacht an phobail í Seanscoil Shailearna. Tá an Ghaeilge, ár mbéaloideas, ár gcuid amhrán, filíochta agus seanchais mar scáthán dúinn ar a bhfuil d’fhorbairt tarlaithe sa gceantar seo leis na céadta bliain. Is ar ár gcrann sinne atá a chinntiú go mairfidh an oidhreacht seo slán dúinne le fágáil mar oidhreacht ag na glúnta atá le teacht inár ndiaidh. Is ar a gcrann siadsan atá an oidhreacht sin a roinnt leis na glúnta atá le teacht ina ndiaidh siúd.

Sheas CST mar chrann taca don cheantar idir sin agus seo trí bhéim a chur ar chaomhnú, leathnú agus bhuanú na Gaeilge i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta & Roinn na Gaeltachta. Reachtáladh cúrsaí oideachais don dara seans do dhaoine fásta i gcomhar le Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tugadh ceannródaíocht i mbunú agus i bhforbairt Thearmann Éanna agus an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh.

Leasaíodh rialacha an Chomharchumainn dá réir. Tá CST anois ag tabhairt faoi bhealaí nua leis an gceantar a chur chun cinn agus ag tógáil ar an dul chun cinn a rinne sé sna blianta seo caite.

Tá leathnú tagtha ar na seirbhísí a chuireann CST ar fáil thar na mblianta. Tá Amharclann Chois Fharraige lonnaithe sa tSeanscoil ag freastal ar riachtanais lucht ealaíona agus an phobail trí chéile. Tá an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh mar fho-Chomhlacht de chuid CST. Déanann an ITT freastal ar riachtanas thuismitheoirí óga an cheantair agus a bpáistí faoi scáth an Chomharchumainn. Tá deiseanna bainte móna ar fáil don phobal. Tá na scéimeanna SST/SOLAS/TUS á b’fheidhmiú i gcomhar le Údarás na Gaeltachta.

Is féidir Rialacha an Chumainn a íoslódáil ach cliceáil anseo.

Aidhmeanna an Chomharchumainn:

  1. Ag freastal ar riachtanais an phobail trí ghníomhaíochtaí a fhásann as Teanga agus as dúchas na Gaeltachta. 

  2. Íomhá Gaelach, Gaeltachta a thabhairt do cheantar Comharchumann Shailearna.

  3. Caomhnú agus leathnú na Gaeilge ar a n-áirítear an phleanáil teanga trí chruthú fostaíochta agus seirbhísí atá riachtanach. 

  4. Cur chun cinn agus forbairt ar an saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha i gceantar feidhme CST mar aon le Gaeltacht Chonamara trí chéile. 

  5. Caomhnú na timpeallachta ina ghné nádurtha chomh fada agus a réitíonn sin le húsáid agus le lonnaíocht réasúnta daonna. 

I 2015 aithníodh go raibh gá le cuspóirí níos leithne a leagan síos chun teacht le hathruithe saoil agus riachtanais pobail an lae inniu.

Plean Gníomhaíochta 5 Bhliana 2023-2028

Staidéar Féidearthachta