Joe Steve Ó Neachtain
Sa gCré Dhubh, baile fearainn siar ón Spidéal, sa mbliain 1942, a rugadh Joe Steve Ó Neachtain.
Ba ann a chaith sé formhór a shaoil agus ba ann a thóg sé féin agus a bhean Máirín a dtriúr clainne. Ba í an hláistéaracht a cheird nuair a tháinig sé in inmhe fir ach níorbh fhada go raibh sé sáite i ngníomhaíocht pobail, ó scéimeanna uisce go Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael.
Ag an am céanna bhí sé ag plé le cúrsaí drámaíochta, agus chuir sé tús leis an scríbhneoireacht chruthaitheach mar ghairm. Bhí sé ina mháistir ar gach uile fhoirm de litríocht na Gaeilge: drámaí stáitse agus raidió, filíocht, gearrscéalta, úrscéalta, an t-aitheasc fíochmhar, cuimhní cinn. Bhásaigh sé sa mbliain 2020.
Ag comóradh saol agus saothair Joe Steve Uí Neachtain
Páid Ó Neachtain, Aisling Ní Neachtain, Bridie Ní Churraoin, Lochlainn Ó Tuairisg, Caitlín Ní Chualáin, Pádraig Ó Dubhghaill & Peigí Uí Chéidigh