Amharclann Chois Fharraige
(Seanscoil Sailearna)
Tá Amharclann Chois Fharraige suite in Indreabhán agus tá na háiseanna ar fáil chun imeachtaí & ócáidí a chur ar siúl. Táimid tiomanta anseo na healaíona, an chultúr agus an teanga a chur chun cinn. Bí i dteagmháil linn!
An Amharclann
Tá Amharclann Chois Fharraige ar cheann de na príomhionaid ealaíon agus cultúir i gCois Fharraige. Le 120 suíochán, stáitse lánfheistithe, fuaim agus soilsiú gairmiúil, agus seomra gléasta d’ealaíontóirí, cuireann an t-ionad áiseanna den scoth ar fáil do léirithe, ceolchoirmeacha, scannánaíocht, ceardlanna agus imeachtaí pobail.
Chomh maith leis an amharclann, tá spásanna eile ar fáil san ionad, lena n-áirítear seomra ilfheidhmeach atá oiriúnach do chruinnithe, ranganna, ceardlanna agus imeachtaí pobail. Tá Stiúideo Podchraolta Chois Fharraige lonnaithe in oifigí an Chomharchumainn freisin, áit a bhfuil áiseanna ar fáil chun podchraoltaí, agallaimh agus ábhar digiteach a thaifeadadh.
Ó imeachtaí áitiúla go léirithe náisiúnta, is spás cruthaitheach é an t-ionad a thugann daoine le chéile trí na healaíona, an cultúr agus an Ghaeilge.
Eolas Teicniúil
-
Deasc Fuaime
Allen & Heath QU16
Allen & Heath AB168- BOSCA STÁITSE
Callairí Fuaime
FOH
2 x EM Acoustic Reference 8 loudspeaker
2 x EM Acoustic S15 Subwoofer
Monatóirí
4 x EM Acoustic EMS-81x
Micreafóin & Comhpháirteanna
6 x Shure SM58
4 x Shure SM57
8 x Shure Mic clips
1 x JHS GS56S
1 x Sennheiser e835
2 x sE7 Condenser mic
2 x sE7 Mic clips and wind screen
4 x Radial Pro DI
4 x K&M Tall Boom Microphone stand
4 x K&M Short Boom Microphone stand
11 x XLR Mic Cable
5 x Speaker Cable
-
Deasc Soilse
1 x ETC Element 2 (1000ch output)
1 x Touchscreen Monitor
Suiteacha Soilsiú
8 x ETC Colorsource CYC
8 x ETC Colorsource Spot Deep Blue
8 x ETC Colorsource Fresnel V
-
Rialaitheoirí Cumhachta
1 x Colorsource Thru-Power 24x10A ND
1 x Proplex 8 Way opto splitter A/B
Trealamh Beoshrutha
1 x Blackmagic Design ATEM Mini Pro
1 x Canon CR-N300 PTZ Camera
1 x Lenovo Laptop
Stiúideo Podchraolta Chois Fharraige
Tá Stiúideo Podchraolta Chois Fharraige ar fáil do dhaoine aonair, grúpaí pobail, eagraíochtaí agus gnólachtaí a bhfuil suim acu ábhar closamhairc a chruthú - podchraoltaí, agallaimh, taifeadtaí nó ábhar digiteach eile.
Is féidir an stiúideo a thógáil ar cíos agus ag brath ar an togra, tá tacaíocht theicniúil ar fáil trí Voxonic Studios más gá.
Lonnaithe thuas staighre in oifigí Comharchumann Shailearna Teo. H91 P23Y
Spásanna eile
Cur in Áirithe
Má tá suim agat imeacht nó ócáid a chur ar siúl san Amharclann nó spás a thógáil ar cíos, líon amach an fhoirm thíos agus beidh muid ar ais chugat chomh luath agus is féidir.