An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT)
An Cnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Is fochomhlacht de chuid Chomharchumann Shailearna é an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh (ITT).
Bunaíodh an ITT sa bhliain 2005 mar Ionad Eiseamláireach Náisiúnta don Phleanáil Teanga.
Ionad pobalbhunaithe, teanga lárnaithe é an ITT a chuireann seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí ar fáil trí mheán na Gaeilge do pháistí an cheantair. Cuireann sé tacaíocht agus áiseanna ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, agus dóibh siúd ar mian leo é sin a dhéanamh.
Forbairt na luathóige
Is tréimhse ríthábhachtach iad na luathbhlianta i saol an pháiste ó thaobh na forbartha cognaíche, mothúchánaí agus sóisialta de. Soláthraíonn an ITT seirbhísí luathoideachais agus cúraim leanaí ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge do pháistí idir sé mhí agus dhá bhliain déag d’aois.
Cuirtear gníomhaíochtaí struchtúrtha, cláir luathoideachais agus deiseanna idirghníomhaíochta ar fáil sna seirbhísí naíolainne, naíonra, iar-naíonra agus iarscoile. Cothaíonn na seirbhísí seo forbairt iomlánaíoch gach páiste.
Tá ról tábhachtach ag seirbhísí cúraim leanaí i sealbhú agus i saibhriú na Gaeilge. Tugann siad deis do pháistí an Ghaeilge a shealbhú ó aois an-óg, fiú nuair nach í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh.
Dá réir sin:
Bíonn seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí óga an cheantair ón gcliabhán.
Cothaítear nósanna labhartha Gaeilge agus leagtar bunchloch láidir teanga sula dtugann na páistí faoin mbunoideachas.