Portaigh
Tá na portaigh i gClochar a Lára ar léas ag CST ó Údarás na Gaeltachta ó 1984. Siar ins na hochtóidí ba é sin ceann de na bun riachtanais a bhí ag an bpobal. Ba í an tine mhóna a bhí mar phríomh chóras teasa ins beagnach chuile theach ag an am. Cé go bhfuil córais teasa nua-aimseartha tagtha chun cinn, tá éileamh ard ar phlotanna móna/straidhpeanna móna go dáta.
Cuirtear straidhpeanna móna ar fáil ar leas bliantúil do scarshealbhóirí taobh istigh de cheantair feidhme CST. Tá plotanna móna bainte ag CST agus á ndíol le scairshealbhóirí. Má tá suim agat i bportach móna ar cíos i mbliana 2025, bí i dteagmháil linn.