Suirbhé Fhuinneamh Baile
Mar thoradh ar na suirbhéanna fhuinneamh baile a tionóladh i gCeantar feidhme an Chomharchumainn, tá deich dteach roghnaithe trí mhodh dhigiteach chomh maith le cheithre Ionad Pobail. Tá tús curtha ag na Comhairleoirí ORS leis an iniúchadh.
Beidh toradh na suirbhéanna á gcur ar fáil d’úinéirí na dtithe a bhí roghnaithe sna seachtainí amach romhainn
Tá scéim nua aisfheistithe tí fógartha ag an Rialtas. Costas €8 mbilliún atá á lua leis an scéim agus ó bhuiséad an Phlean Forbartha Náisiúnta a thiocfas an t-airgead.
Tá sé mar aidhm ag an scéim leathmhilliún áras cónaithe sa Stát a aisfheistiú faoin mbliain 2030.
Ceaptar go seasfaidh an Stát suas le 80% den chostas a bhainfeas le háiléir agus ballaí cuasacha a athinsliú.
50% den chostas, ceaptar, a sheasfar i gcás tograí móra agus is cosúil go mbeidh uasteorainn €25,000 leis an méid a chuirfear ar fáil.
Tuigtear freisin go gcuirfear iasachtaí ar rátaí ísle úis ar fáil.
Thug ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan le fios gur cuid shuntasach an scéim d'iarrachtaí an Rialtais táillí fuinnimh a laghdú agus - dá réir sin - an costas maireachtála a laghdú.
D'iarr an freasúra, áfach, tuilleadh airgid a chur ar fáil faoi thuairim na hoibre aisfheistithe.
Dúírt an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús gur chóir don Stát an costas ar fad a sheasamh.
Cháin an freasúra chomh maith an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, Seán Fleming ó Fhianna Fáil, a mhaígh inné gur chóra do dhaoine an margadh is fearr a chuardach agus iad ag siopadóireacht in áit a bheith ag clamhsán faoin ardú ar an gcostas maireachtála.
Tá leithscéal gafa aige ó shin faoina ndúirt sé.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an méid a dúirt Seán Fleming fuarchroíoch agus ar nós cuma liom.
Máistir Phlean Fuinneamh do cheantar
Chois Fharraige
Tá tús curtha ag Chomharchumann Shailearna Teo. le máistir phlean fuinneamh a ullmhú do cheantar feidhme an chomharchumainn.
Is iad na comhairleoirí ORS atá ceaptha leis an máistir phlean a ullmhú.
(Tá an togra airgeadaithe ag Fuinnimh Inmharthana na hÉireann SEAI)