Áiseanna ar Cíos
Seomra cruinnithe ar fáil ar cíos: Feiliúnach do dheichniúr. Is féidir an seomra a chur in áirithe ach glaoch ar 091 399199 nó r-phost ag sailearna@gmail.com
Seomra Traenála. Feiliúnach do chúrsaí ríomhaireachta a reachtáil. Tá an áis seo feiliúnach i gcóir traenáil in ábhair éagsúla. Is deichniúr an líon daoine gur féidir freastal ag aon am amháin.
Is féidir an seomra a chur in áirithe ach glaoch ar 091 399199 nó r-phost ag sailearna@gmail.com
Seomra Glas: seomra feiliúnach do chruinnithe, ranganna srl
Eircód: H91 P23Y
Tá oifigí ar fáil ar cíos sna hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Tá na hoifigí lonnaithe ar champas Seanscoil Shailearna.
· Oifig 1 feiliúnach do thriúr/ceathrar foirne
· Oifig 2 feiliúnach do bheirt foirne.
Tá gach eolas ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le oifig Chomharchumann Shailearna Teo., ag 091 399199
ríomhphost: sailearna@gmail.com