Stair Amharclann Chois Fharraige

Forbraíodh Amharclann Chois Fharraige mar chuid d’athchóiriú na Seanscoile sna nóchaidí agus osclaíodh í sa bhliain 2000.

Ó shin i leith, tá sí ina lárionad do chúrsaí drámaíochta, ealaíon agus cultúir trí mheán na Gaeilge i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.

Mar thoradh ar fadbhreathnaitheacht Bhord Stiúrtha Chomharchumann Shailearna, an phobail agus na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus le ceannródaíocht ghrúpaí ar nós Aisteoirí Chois Fharraige, cuireadh áis luachmhar ar fáil do lucht ealaíon agus don phobal trí chéile.

In 2024, d’fhostaigh Comharchumann Shailearna na comhairleoirí Milestone Inventive, le tacaíocht maoinithe ó Údarás na Gaeltachta, chun staidéar féidearthachta agus plean gnó a ullmhú. Scrúdaíodh staid na Seanscoile agus na hamharclainne agus na deiseanna lena bhforbairt, agus riachtanais agus rannpháirtíocht an phobail mar bhonn leis an obair.

An bhliain chéanna, ceadaíodh maoiniú foirne faoin gClár Seirbhísí Pobail (CSP). Cruthaíodh post bainistíochta lánaimseartha agus trí phost páirtaimseartha, atá á gcómhaoiniú faoin gclár agus ag Comharchumann Shailearna.