Tograí idirlámha
I measc na dtograí nua atá idir lámha ag CST tá Títhíocht Inacmhainne a chur ar fáil do theaghlaigh óga an cheantair, Plean athchóirithe don Amharclann, Siopa carthanachta a fhorbairt ar an gCnoc, Ionad Cultúrtha a thógáil le freastal ar riachtanais an phobail, an diaspora mar aon le turasóirí. Tá i gceist comhpháirtíocht a chruthú leis an Diaspóra ar mhaithe le fostíocht a chruthú a laghdóidh bánú tuaithe trí fhostaíocht a chruthú, trí leathanbhanda ard luais ag baile agus in ionaid GTeic. Táthar ag breathnú ar na féidireachtaí agus ag tacú leis an bpobal eolas a chur ar bhealaí nua-aimseartha i gcaomhnú fuinnimh.