Pobal Fuinnimh Inmharthana Sailearna (SEC)

Is dúshlán mór dúinn ar fad é an t-athrú aeráide. Mar phobal, is féidir linn ár gcion a dhéanamh trí úsáid níos éifeachtaí a bhaint as fuinneamh, ár lorg carbóin a laghdú agus ár dtithe agus ár n-ionaid phobail a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh.

Tá Comharchumann Shailearna Teo. cláraithe mar Phobal Fuinnimh Inmharthana. Sa bhliain 2022, le maoiniú ón SEAI, d’fhostaigh an Comharchumann an comhlacht Plean Energy chun Máistirphlean Fuinnimh a ullmhú don cheantar.

Meitheal PV Gréine


Bunaíodh an chéad  Meitheal PV Gréine in 2023 chun cabhrú le húinéirí tithe agus coistí Ionaid Pobail painéil ghréine a shuiteáil mar chuid de mheitheal áitiúil.

Tacaíonn an Comharchumann leis an bpobal teacht ar eolas faoi dheontais chun tithe agus ionaid phobail níos teo agu

Meitheal PV Gréine 2026

Cruinniú poiblí eagraithe ag tabhairt cuireadh do úinéirí tí chuig oíche eolais 18 Samhain 2026 ag 7.00i.n.

Déan Teagmháil linn

Fón 091 399199

Ríomhphost sailearna@gmail.com