Athfhorbairt Sheanscoil Shailearna / Amharclann Chois Fharraige

Tá plean athfhorbartha á chur chun cinn ag Comharchumann Shailearna, bunaithe ar mholtaí an staidéir féidearthachta a foilsíodh in 2024.

Is é aidhm an tionscadail caighdeán na háise a fheabhsú agus cur leis na himeachtaí agus na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge, chun freastal ar riachtanais an phobail agus lucht na n-ealaíon.

Na hoibreacha atá beartaithe

  • An amharclann a athchóiriú: insliú, fuaimíocht agus aerchóiriú a fheabhsú, painéil ghréine a shuiteáil agus na háiseanna rialaithe fuaime agus soilsithe a athlonnú.

  • Áiseanna tacaíochta a chur ar fáil: seomra glas nua, caifé, cistin agus oifig bheag.

  • Spás oideachais agus stórála a fhorbairt: foirgneamh do ghníomhaíochtaí oideachais sna healaíona agus do stóráil ábhair agus seiteanna drámaíochta.

  • Áiseanna lasmuigh a fheabhsú: áit suí chlúdaithe, limistéar súgartha agus comharthaíocht.

  • Carrchlós a fhorbairt: úsáid a bhaint as an talamh ar chúl an tsuímh, lena n-áirítear pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha.

  • Leithris agus córas fuíolluisce a fheabhsú: na leithris a athlonnú agus aonad nua cóireála fuíolluisce a shuiteáil.

  • Áiseanna tacaíochta a chur ar fáil: seomra glas nua, caifé, cistin agus oifig bheag.

An sprioc

An obair athfhorbartha a bheith críochnaithe roimh dheireadh 2030, faoi réir an mhaoinithe, na gceadanna cuí agus an chláir tógála.