Ráiteas

Tá maoiniú de €15,000 ceadaithe ag SEAI ‘Údarás Fuinnimh Inmharthanach na hÉireann do Chomharchumann Shailearna le híoc as máistir phlean fuinneamh a ullmhú do cheantar feidhme an Chomharchumann sé sin ó Abhainn an Spidéil go Abhainn Chasla agus ceantar Sheanféistín.   

Fostófar comhairleoir neamhspleách le taighde a dhéanamh  ar na córais fuinneamh atá in  úsáid i bhfoirgintí agus i dtíthe príobháideacha de réir na gcoinníollacha a bhíonn leagtha síos         

Beidh seirbhís meantóireacht leanúnach ar fáil thar tréimhse dhá bhliain tríd an SEAI. Mar thoradh ar an obair sin beidh máistir phlean fuinneamh leagtha amach do cheantar feidhme an Chomharchumainn.