Back to All Events
Dráma na Féile
‘NÍOR MHAITH LINN DO THRIOBLÓID’
Dé Sathairn 24ú & Dé Domhnaigh 25ú Eanáir
Cead isteach: €15. Ticéid ar fáil ar Eventbrite agus in oifig an Chomharchumainn.
Joe Steve Ó Neachtain
Sa gCré Dhubh, baile fearainn siar ón Spidéal, sa mbliain 1942, a rugadh Joe Steve Ó Neachtain.
Ba ann a chaith sé formhór a shaoil agus ba ann a thóg sé féin agus a bhean Máirín a dtriúr clainne. Ba í an hláistéaracht a cheird nuair a tháinig sé in inmhe fir ach níorbh fhada go raibh sé sáite i ngníomhaíocht pobail, ó scéimeanna uisce go Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta go cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael.