Tugaimid cuireadh duit páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne in anailís Tomhaltóra agus Margaidh de chuid InEVal agus HYDROfish agus do thuairimí a roinnt faoin bpleanáil fhadtéarmach a bhfuil gá leis chun go mbeidh fás inbhuanaithe sa tionscal dobharshaothraithe. Is comhoibriú atá sa suirbhé idir dhá thionscadal mhóra taighde (InEVal www.bluebioeconomy.eu agus HYDROfish www.hydrofish.ie) a bhfuil sé mar aidhm acu slabhraí bialuacha eicínideirmigh a éagsúlú agus a mhéadú agus imscrúdú a dhéanamh ar an acmhainneacht le haghaidh foinsí bia malartacha i gcórais dobharshaothraithe.
Leagann an Taighdeoir Iardhochtúireachta agus Príomhimscrúdaitheoir, an Dr Alex Wan, béim ar an tábhacht a bhaineann leis an suirbhé seo:
‘Tá suirbhé forbartha mar chomhoibriú idir tionscadal InEVal de chuid na hEorpa agus clár taighde HYDROfish chun tionscal an dobharshaothraithe agus bia mara a mheas maidir le nuálaíochtaí mara amach anseo. Níos tábhachtaí arís, déanfaidh an suirbhé teagmháil le tomhaltóirí agus leis an bpobal i gcoitinne chun fáil amach an bhfuil glacadh acu le bithghníomhaithe in iasc feirme. Bainfear úsáid as na torthaí chun spriocanna taighde amach anseo a ghrádú agus bainistíocht mhaith a dhéanamh ar ár saibhreas aigéan agus bia mara atá níos sláintiúla agus atá inbhuanaithe a chruthú don tomhaltóir.’
Tá an suirbhé ar fáil i mBéarla, Gaeilge, Gearmáinis agus Iodáilis agus iarraimid ort páirt a ghlacadh trí chliceáil ar an nasc suirbhé thíos:
Béarla: https://www.surveymonkey.com/r/VPPGMX8
Gaeilge: https://www.surveymonkey.com/r/VPPGMX8?lang=ga
Iodáilis: https://www.surveymonkey.com/r/VPPGMX8?lang=it_IT
Gearmáinis: https://www.surveymonkey.com/r/VPPGMX8?lang=de_DE
Cuirtear an comhaontú deontais uimh. PBA/BIO/20/04-C de chuid InEVal i gcrích le tacaíocht ó Fhoras na Mara agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann agus le maoiniú ó Rialtas na hÉireann faoin gComh-mhaoiniú BlueBio ERA-NET (Tionscadal Fís 2020 uimhir 817992). Cuireann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maoiniú ar fáil do HYDROfish (2019-2022) (www.hydrofish.ie) faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha agus faigheann sé tacaíocht ó thaobh riaracháin de ó Fhiontraíocht Éireann.