Comóradh 50 Bliain de Bhunú Chomharchumann Chois Fharraige

Ba i 1971 a bunaíodh Comarchumann Chois Fharraige le freastal ar an gceantar ó na Forbacha go Ros a Mhíl.

Ba í an aidhm a chuir sé roimhe muintir an cheantar agus cairde na Gaeltachta a bheith ag déanamh infheistíochta san áit le fostaíocht a chur chun cinn, saol sóisialta an cheantair a fheabhsú, caighdeán maireachtála na ndaoine a ardú, Gaeltacht Chois Fharraige a chaomhnú agus pobal na háite a chumasú.