An Diaspóra

80 milliún duine de shlíocht Éireannachar fud na cruinne

Nuair a tháinig an Gorta Mór in Éirinn idir 1845 agus 1848 bhí suas le milliún duine a fuair bás leis an ocras agus chuaigh an t-uafás daoine ar eisimirce an uair sin. Go leor acu i mbáid nach raibh iontach sábháilte ag an am agus chuaigh siad i dtreo Mheiriceá ach báthadh go leor acu faraor (is coffin ships a tugadh ar na báid sin).

An chuid díobh a rinne amach Meiriceá agus bhí cuid acu sin a d’fhulaing go leor mar nach raibh scileanna oiriúnacha oibre ná teanga na tire nua acu, d’fhan siad i mbailte móra mar gur ann ab éasca obair a fháil. 

Bhí an chonstaic teanga an-dúshlánach dóibh. Bhí go leor dena daoine a d’fhág an baile/Ceantair Ghaeltacht agus Gaeilge amháin a bhí mar theanga chumarsáide acu, bhí orthú dul i dtaithí an Bhéarla agus í a fhoghlaim go scíopthaí le go mbeadh siad in ann slí mhaireachtála a oibriú amach dóibh féin. Choinnigh siad a misneach. Thosaigh a gclann sin agus a gclann sin arís ag obair leo agus sa lá atá inniu ann tá an t-uafás de shliocht na hÉireann ar fud Mheiriceá agus ar fud an domhain. Deirtear go bhfuil thart ar 80 milliún duine de shliocht Éireannach ar fud an domhain. Tagann an focal Diaspora féin ón nGréigis agus ciallaíonn sé ‘scaipeadh’. Sin é an bhunchiall a bhí leis ach an chiall atá anois leis ‘na daoine ó thír áirithe faoi leith atá scaipthe ar fud an domhain. Maidir le Diaspora na hÉireann - tá suas le 80 milliún duine ann. Tá 40 milliún acu sin in sna Stáit Aontaithe agus tá 6 mhilliún eile ann de dhaoine a bhfuil sliocht Éireannach agus Albanach iontu. Tá 14 milliún Éireannach nó daoine de bhunú na hÉireann sa Ríocht Aontaithe, 4.5 milliún i gCeanada, 7 milliún san Astráil agus tá timpeall milliún san Airgintín agus tá an chuid eile den 80 milliún scaipthe i dtíortha éagsúla ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

Galway-1830.jpg
World Map.png

Tá muide mar Chomharchumann Pobail le bheith ag obair i bpáirt le hOllscoil na hÉireann Gaillimh agus Údarás na Gaeltachta ag tógáil ar an obair atá déanta ag pobail eile le ceangal a dhéanamh le sliocht na ndaoine seo a d’imigh agus a bhfuil déanta go maith acu thar lear.


CST Beaches.JPG_0005_IMG_1623.jpg

Sa gcás s’againne anseo ag baile tá an teanga Ghaeilge fós beo ann.  Tá oidhreacht láidir dúchais againn agus measann muid go mbeadh suim ag an Diaspora mar a bhíonn ag an Diaspora ó thíortha eile ina ndúchas féin de réir mar a bhíonn siad ag forbairt agus de réir mar a bhíonn siad ag déanamh dul chun cinn sa saol. Is é a theastaíonn uainne mar Chomharchumann Pobail a chur in iúl don Diaspora Éireannach go bhfuil muid sásta comhoibriú leo le go bhféadfadh an oidhreacht atá againne a bheith caomhnaithe agus go mbeadh úsáid na hoidhreachta sin acu le go bhféadfaidís ceangal isteach sa mbanc saibhris cultúrtha sin faoi láthair nó amach anseo agus go dtabharfaidh siad cúnamh dúinne ag baile lena chinntiú go mairfidh an teanga seo ó ghlúin go glúin.  Is babhtáil acmhainní a bheadh i gceist idir an lucht Gaeltachta ag baile agus an chuid den Diaspóra a bhfuil an ábaltacht agus an t-údarás ag a gcomhlachtaí fostaíocht a chruthú tríd an idirlíon sna pobail Ghaeltachta agus gach aon pháirtí (pobal na Gaeltachta agus an Diaspóra) ag gnóthachtáil as an bhfiontar.

Coinnigh súil amach beidh tuilleadh eolais á roinnt againn ar an ábhar de réir mar a théann an togra chun cinn.