|
An Óige
Tá Campa
Saoire Chois Fharraige os cionn deich mbliana ar an saol anois m
ar is i 1991 a reáchtáladh
ana chéad champa go dtí 1992, an bhliain chéanna a ndeachaigh Scléip
Teo, ina bhun. Ó shin i leith bhí dhá chúrsa nó trí ar siúl gach
samhradh. Cúrsaí gníomhaíochta trí mheán na Gaeilge a bhíonn ar bun
sa gcampa agus 'siad na príomh imeachtaí drámaíocht, ríomhaireacht,
ceardaíocht, aclaíocht, damhsa, amhránaíocht agus cluichí. Bíonn na
scoláirí páirteach sna himeachtaí uilig, rud a chinntíonn nach
mbíonn siad ag plé le haon ábhar amháin.
Is í Scoil Sailearna ionad an
champa saoire agus go deimhin murach chomh breá agus chomh fairsing
is atá an scoil sin bheadh sé dodhéanta a leithéid a chur ar siúl.
Bhí bliain amháin ar aistrigh an campa saoire go dtí na Forbacha mar
gheall ar obair mór thógála a bheith ar siúl i Sailearna. B'in é
samhradh te na bliain 1995 agus cé gur éirigh go maith leis an
gcampa bhí líon na scoláirí beag agus b'éigean córas taistil a chur
ar fáil. An bhliain sin tháinig scoláirí as Cathair na Gaillimhe den
chéad uair agus ó shin tá an-éileamh ar áiteanna sa gcampa saoire
uathu. Tagann a bhformhór as na Gaelscoileanna agus go háirithe as
ceantar Cnoc na Cathrach.
|