|

Tá Plean Gaeilge á chur i
bhfeidhm sa scoil le cúpla bliain anuas agus tá ag éirí thar cionn
leis. 'Sí Máire Ní Mháille, leas-phríomhoide na scoile, a chur an
plean seo sa tsúil an chéad lá riamh i gcomhar le Coiste
Tuismitheoirí na scoile. Is feachtas spreagúil, leanúnach atá i
gceist leis an bPlean Gaeilge, feachtas atá dearfach. Cuirtear an
bhéim ar fad sa bhfeachtas ar na gasúir a mholadh, a ghríosadh agus
a spreagadh le Gaeilge a labhairt.
Uair sa mí bronntar teastas
speisialta ar an gasúir a dílis don Ghaeilge ar feadh na míosa. Uair
sa ráithe ansin bronntar bonn speisialta ar na gasúir a ghnóthaigh
trí theastas ar feadh na tréimhse. Tugtar aitheantas agus moladh dá
bhrí sin do na gasúir a dhéanann iarracht ar leith agus a bhíonn
dílis don Ghaeilge. Níl aon fhaillí a dhéanamh ach an oiread orthu
siúd atáar bheagán Gaeilge. Tá múinteoir
sealadach teanga ar freastal ar ghasúir a rugadh thar lear ach ar
tháinig a muintir anall abhaile. Leis an gcúnamh breise seo beidh na
gasúr seo in ann a bheith iomlán páirteach i saol na scoile agus ar a gcompóirt ag
úsáid na Gaeilge gan mórán achair. Ta múinteoirí sealadach eile ag
freastal orthu siúd a rugadh taoibh amuigh den Ghaeltacht ach gurb
as Éirinn a gcuid tuismitheoirí.
Tá ag éirí thar cionn leis an
bPlean Gaeilge ach, ach ar ndóigh, tá go leor le déanamh fós. Mol an
Óige agus tiocfaidh sí! Le spreagadh, le díograis agus le
comhoibriú, níl a fhios céard is féidir linn a bhaint amach! Le
cúnamh Dé leanfaidh an deá-obair agus an deá-cháil Scoil Sailearna.
Scaipfidh an clú atá bainte amach ag gasúir na scoile agus beidh
Scoil Sailearna agus ann Plean Gaeilge mar dhea-shampla ag
scoileanna uile na Gaeltachta.
|
|
|