Comharchumann Shailearna Teoranta - Cur Chun Cinn Teanga, Cultúir, Fostaíochta agus Seirbhísí 

Baile Stair agus Cúlra Raiteas Misean Cursaí An Pobal Pleanáil Gailearaí Amharclann Teagmháil Naisc

Ag teacht go luath

 

   

Amharclann

Amharclann Chois Fharraige



Bhunaigh Comharchumann Shailearna Amharclann Chois Fharraige sa bhliain 2003 le cabhair airgid ón Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta, chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí ealaíne sa bpobal. Tá géarghá lena leithéid agus an borradh atá tagtha ar chúrsaí drámaíochta I gceantar Chois Fharraige le tamall anuas.

Ba mhór an onóir a bhí ann d'fhoireann an Chomharchumainn gur léirigh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige Ar Shlí na Firinne, a scríobh an Athair Seán Mac Éill, ag oscailt oifigiúil na hamharclainne. Is grúpa áitiúil iad Cumann Drámaíochta Chois Fharraige atá spreagúil agus dúthrachtach I leith na drámaíochta. Grúpa eile ó cheantar Chois Fharraige a bhfuil lán mála d'fhuinneamh, tallann agus samhlaíocht acu ná Lóchrann, rud a bhí soiléir ón léiriú a rinne siad ar dhráma Joe Steve Ó Neachtain Níor Mhaith Linn Do Thrioblóid. Tá dráma nua do dhéagóirí ag Fíbín darbh ainm Stair na hÉireann - Cineál. Bunaíodh Fíbín an bhliain seo caite agus léirigh siad an dráma An Ghabha agus an Ghasúr a bhí fíor-thaitneamhach do ghasúir agus do dhaoine fásta araon. Tá borradh ag teacht ar sheirbhísí drámaíocht san oideachas sa cheantar, gan trácht ar an obair iontach atá a dhéanamh ag múinteoirí sna scoileanna chun gasúir a ullmhú d'Fhéilte Scoldrámaíochta.

Tá sé d'aidhm ag Amharclann Chois Fharraige tacú leis an ngníomhaíocht seo ar fad agus forbairt a spreagadh, ní hamháin I réimse ma drámaíochta ach I réimsí an cheoil, damhsa agus na n-ealaín cruthaitheacha go ginearálta.